Scoil Oilibheir
HomeContact usSitemap
Home arrow Children's Work
Children's Work
An Gadaí

Maidin fhuar Gheimhridh a bhí ann. Bhí Chloe ag crith ar nós duilleoga sa ghaoth. "Tá mé i láthair!" arsa Chloe nuair a ghlaoigh Iníon Uí Bhuaigh a hainm. "Ó!" arsa Iníon Uí Bhuaigh, "Tá leathlá againn inniu a pháistí." Dá mbeadh a fhios ag Iníon Uí Bhuaigh cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfadh sí sa seomra ranga.

Chuaigh sí isteach go 'Heavenly Cakes' agus cheannaigh sí cáca seacláide. Cheapfá go raibh gach mac máthair is iníon athair ann. Thosaigh sí ag dul suas an staighre creasa. Lig sí béic aisti in ard a cinn is a gutha mar chaill sí a sparán. Rith sí thíos an staighre creasa - bhí na cailíní ag gáire fúithí. Ansin rith sí ar ais go Heavenly Cakes.

"Cá bhfuil mo sparán?" arsa Iníon Uí Bhuaigh. Rith an gadaí isteach go Easons. Faoi dheireadh rug Iníon Uí Bhuaigh ar hata an gadaí. Ba bheag nár thit sí i laige nuair a chonaic sí an gadaí! Cé a bhí ann ach Bean Uí Bhóid! "Surprise!" arsa Bean Uí Bhóid. Thug Iníon Uí Bhuaigh íde béil na muc is na madraí do Bhean Uí Bhóid.

Ina dhiaidh sin chuaigh na cailíní isteach go BB's agus d'ith siad cáca seacláide mar bhí fonn orthu. Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Ailbhe

 

Maiding álainn fhómhair a bhíann. Bhí an ghrian ag éirí agus ní raibh scamall ar bith le feiceáil sa spéir. Dá mbeadh a fhios agam cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfainn sa leaba. D'ith mé mo bhricfeasta. Chuaigh mé isteach sa chathair agus cheannaigh mé bróga. Go tobann ghoid an gadaí mo sparán. Bhí mé ar lasadh le fearg.Chuir mé fios ar na gardaí. Rith garda ina dhiaidh. Rug an garda air agus bhí an gadaí sa phriosún ansin. Ní dhéanfaidh sé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Conor S.

 
An Laoch

Maidin álainn fhómhair a bhí ann. Bhí an ghrian ag éirí agus bhí dath órga ar an spéir. Dhúisigh katie agus Shauna ar a naoi a chlog agus chuaigh siad ag siopadóireacht. Ach dá mbeadh a  fhios ag Katie cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfadh sí sa leaba.

Nuair a chroich na cailíní an siopa leath a súile le hiontas mar bhí an áit plódaithe le daoine idir óg is aosta. Cheapfá go raibh gach mac máthair is iníon athair ann.

Go tobann shiuil an gadaí isteach sa siopa agus ghoid sé sparán Katie agus rith sé amach as an siopa le luas lasrach. Thosaigh Katie ag sileadh na ndeor in ard a cinn is a gutha. Rith Shauna i ndiaidh an gadaí agus rug sí ar an sparán. Lig sí osna faoisimh aisti.

Bhí na cailíni ar muin na muice. Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Shauna

 

Lá breá brothallach a bhí ann. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch i gCorcaigh. Bhí an aimsir an-ait mar bíonn sé ag clagarnacg gach la i gCorcaigh - ach an lá sin  bhí an aimsir go hálainn. Bhí gliondar croí ar Paul agus i bpreabadh na súl bhuail smaoineamh iontach é. ..Chuir sé fios ae a chara Brian. Ach mo léan dá mbeadh a fhios aige cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfadh sé sa leaba!"Ceart go leor!" arsa Brian agus as go brách leis.

 Cheapfá go raibhgach mac máthair is iníon athair sa chathair ach faoi dheireadh thug Paul faoi deara go raibh an siopa nua H & M ag oscailt. Bhí sceitimíní áthais ar na buachaillí agus bhí siad ag preabaranch le háthas.

Go tobann ghearr seanfhear an rópa agus thosaigh roinnt  de na daoine ag screadach in ard a gcinn is a ngutha. Ina measc bhí Paul agus Brian ag gáire. Bhí na buachaillí ag féachaitn ar na héadaí álainn ach chonaic Paul t-léine XXXXXX Large! Phléasc na buachaillí amach ag gáire go croíuil. Ach mo léan ní raibh a fhios ag na bhauchaillí go raibh an seanfhear ag siúl go mall agus go cúramach ina ndiaidh. Ghoid an fear sparán Brian.

Thug Brian faoi deara go raibh a sparán caillte. Rith siad i ndiaidh an seanfhear. Ach bhí sé i gcathaoir rotha agus níorbh fhéidir leis an fear dul suas nó síos an staighre. Níorbh fhada gur rug Brian ar a sparán. Bhí gach rud ceart go leor ach ní raibh an seanfhear sásta.

Ciall ceannaithe an chiall is fearr! Ní dhéanfaidh éinne dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Darragh W.

 
An Gadaí

Maidin álainn fhómhair a bhí ann. Bhí an ghrian ag éirí agus bhí dath órga ar an spéir. Dhúisigh Conor le breacadh an lae. Dá mbeadh a fhios aige cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfadh sé sa leaba. Bhí sceitimíní áthais ar Conor mar bhí siopa spóirt nua ag oscailt. D'fhág sé an teach ar a naoi a chlog. Cheapfá go raibh gach mac máthair is iníon athair ar an dtraein. Shroich sé an chathair ar a deich a chlog. Cheap sé gurbh í an Nollaig agus a bhreithlá ar an lá chéanna mar bhí sladmhargaí ar siúl. Phioc sé suas t-léine agus shiúil sé go dtí an cúntar. Ach i bpreabadh na súl ghoid gadaí a sparán. Bhí Conor ag sileadh na ndeor. Thug an siopadóir íde béil na muc is na madraí dó. Ní dhéanfaidh sé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Ross

 

Maidin álainn fhómhair a bhí ann. Bhí an ghrian ag éirí agus bhí dath órga ar an spéir. D'ith Bart a bhricfeasta. Bhí Marge agus Homer ina gcodladh sámh.  Bhí Maggie agus Lisa sa seomra suite. Chuaigh Bart go dtí an siopa. Cheannaigh Bart bainne, oráiste, úlla, prátaí sa siopa ach ní raibh aon sparán ina phóca. Bhí Bart ag crith le heagla. Rith Bart go dtí stáisiún na gardaí le luas lasrach. 

Pádraigh

 

 

Maidin álainn fhómhair a bhí ann. Dhúisigh na cailíní ar leathuair tar éis a naoi. Dá mbeadh a fhios acu cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfaidís sa leaba.

Chuaigh siad go dtí an baile agus cheapfá go raibh gach mac máthair is iníon athair ann. Leath a mbéal le hiontas nuair a chonaic siad an radharc. Bhí gúna álainn sa siopa éadaí. Rith cailín amháin le luas lasrach ach bhí fear ina diaidh. Thóg sí an gúna agus rith sí go dtí an cúntar. Thóg sí amach a sparán. Thug sí an t-airgead don siopadóir. Nuair a bhí sí in aice an doras ghoid an fear a sparán. Thosaigh an chailín ag caoineadh agus ag screadach. 

Tháinig an garda agus rith sé i ndiaidh an fear. Rug sé air agus thug an gadaí an sparán don chailín. Bhí sí ar muin na muice! Ní dhéanfaidh sí dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Katie

 
An Gadaí

An Gadaí

Dhúisigh mé ar a hocht a chlog agus bhí an ghrian ag glioscarnach idir na cuirtíní. Bhí sceitimíní áthais orm mar bhí mé ag dul ag siopadóireacht le mo chara Sophie. Chuir mé mo sparán agus mo fhón póca i mo mhála. Nuair a shroich mé an siopa bhí sé plódaithe le daoine. Cheapfá go raibh gach mac máthair is iníon athair ann. Dá mbeadh a fhios agam cad a bhí le tarlú an lá sin d'fhanfainn sa leaba. Bhí mise agus mo chara ag féachaint ar éadaí. Chonaic mé gúna álainn. Rith mé go dtí an cúntar agus i bpreabadh na súl ghoid gadaí mo mhála. Dúirt mé le mo chara "Ghoid sé mo mhála!" Chuir mé fios ar na gardaí ar fhón Sophie. Tar éis cúpla nóiméad léim mise agus Sophie ar an mbus. Dúirt mé le mo Mham "Ghoid gadaí mo mhála agus bhí mo fhón póca i mo mhála!" Chuala mé "Dúisigh! Éirigh Cáit!" D'oscail mé mo shúile agus bhí mo Mham i mo sheomra. D'oscail mé mo mhála agus bhí mo sparán agus mo fhón póca i mo mhála. Bhí mé ag brionglóid.

 Kate